Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 286
- XML “Tomhaiseanna agus Cleasanna”
- XML “Tomhaiseanna agus Cleasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cé’n rud a bhíonn’s ag corruigh is ag corruigh is nár chorruigh ariamh as a áit? – iorrbal na muice.
Chuaidh cheathrar de Mhuinntir Chró ag baint slat lá ceo. An t-slat nár bhaineadar thugadar leo í agus an t-slat a bhaineadar chaitheadar uatha í – préacháin ag piocadh a gcuid cleiteacha.
Teachtaire ó theach go teach is bíonn sé amuigh san oidhche – Chasán.
Fear fada gléigeal is crios a dhá thaobh fhéin air. – púnánn coirce.
Chuadhas suas an bóithrín. Thángas anuas an bainne is thugas an bóithrín ar mo dhruim liom – dréimre.
Chaith mé suas é chómh bán le sneachta agus thuit sé anuas cómh buidhe le ór – ubh.
An Sgoláir – Brighid Buiréad.
A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
An duine a thug dí iad – Brighid Buiréad.
A Seoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe. - Bean fhada dhubh agus í an-fhada amuigh – cruach móna.
Bíonn sé ar buis agus bíonn sé ar bais(leanann ar an chéad leathanach eile)