Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An duine a bhíonn ghá dhéanamh fághann sé slat agus buaileann sé ar na cosaibh agus deireann sé:-
“Lúrabog, lárabóg, bí ó néill.
Néill a a priopán – priopán – súlach.
Súlach – seicne – seicne – méile.
Dá chois liomán – liomán lataí
Cabhair na Gaillimhe – Craipe iseach an íodóg bhuidhe.
Fágann siad na dornaí ós cionn a chéile agus deireann duine amháín:- “Cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneoig seo? Sa gcuinneoig eile. Cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneoig seo? D’ól an cat é. Cá bhfuil an cat? Faoi an stól. Cá bhfuil an stól? Dhóigh an teine é. Chá bhfuil an teine? Mhúch an abhainn. Cá bhfuil an t-uisge? D’ól an giorán bán is an capall dubh é. Cá bhfuil an capall bán i’s an capall dubh? Imthigh ag na rásaí. Cá bhfuil na rásaí? Idir cnoc i’s gleann”.
An chéad duine a labhras i dtosach gheobhfaidh sé fiche dornaí beag, fiche dornaí mór, fiche pinse beag agus fiche pinse mór.
Trí chois san aer agus dhá chois sa talamh, méar sa duine beo agus béal an duine marbh – An bás.
Cé mhéid dealg a bheadh i n-acra aitinn? Ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Oireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Oireachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe