Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Glúnach Dhearg
    Bíonn sé ag fás imeasg na bhfataí agus milleann sé na fataí

    Billeóg Báithte
    Bíonn sé ag fás in uisghe; tá sé go maith le h-aghaidh geara a bheadh ar do cois

    Neantóg
    Tá sé go maith le h-aghaidh sgoilteacha. É a cuimilt ar do cosa. Bíonn sé ag fás i talamh maith.

    Gairleóg
    Tá sé ag fás i talamh cruaidh. É a bhruith ar bainne agus salann a chuir ar. Tá sé go maith le h-aghaidh casacht.

    Filic
    Bíonn sé ag fás imeasg na bhfataí; tá sé go maith le h-aghaidh lámha tinn agus cosa tinn.

    Biolar
    Fásann sé in áit bog agus tá sé go maith le h-aghaidh eitinne

    Airgead Luachra
    Tá sé go maith le h-aghaidh súile tinne an bharr geal dó a bhruith. Bíonn sé ag fás in áit bog.

    Dearg Laoch
    Fásann sé in áit bog; tá sé go maith le h-aghaidh doighthe. Dhá leach beag a chur isteach sa teine agus iad a bhaint amach as a bheadh siad te an dearg laoch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Nic Ghoill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bríghidh Ní Chéidhigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    82
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe