Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 123
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean bhean ann fadó agus ní raibh aon scannradh ar an dtalamh ach an méid airgid a bhí aici agus bhí sé go léir i n-ór breagh bhuidhe.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh aoinne ' na teannta ach cailín agus nuair a fuair sí go gcaithfeadh sí géilleadh don bhás, dubhairt sí leis an gcailín an t-ór a leaghadh ar an teine go n-óladh sé é - bhí an oiread sin de shainnt agus de dhúil aici ann.Cad a dhéin an cailín le méid a gliocais ach chnapa a d'fagháil agus é a leaghadh ar an teine in ionad an óir agus a thabairt di le n-ól .Níorbh fhada in a dhiaidh sin go bhfuair sí bás - an tun, is dócha a dhéin an stalcadh ar fad dí. Is í bhí go sásta ag dul chun bháis dí mar ceap sí gurbh é an t-ór a bhí ólta aici. Níorbh eadh amhthach. Bhí sé ag an gcailín agus is aici -sa a bhí an saoghal breagh súairc as sin amach le h-ór an t-sean mná.- Bailitheoir
- Máire Nic Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Ní Chéidhigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe