Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 115
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tuairm's trí sgór bliain ó shoin bhí bainfheis thall ar an gCnocán Raithnige

    Tuairim's trí sgór bliain ó shoin bhí bainfheis thall ar an gCnocán Raithnighe. Phós Seán Sheamuis as an Gcnocán Raithnighe inghean de Sheán Dubh as an Dún. Mara raibh spóirt ar an mbanfheis sin, ní lá go maidin é. Is i gCill Ainin a posadh iad agus sin é an áit a raibh an feic idir carranaí agus caiple diallaid, ina seasamh ar an mbóthair atá ag dul thar an séipéal.
    Nior b'fada go dtáinic na lanamhain pósta, amach as an séipéal. Shocruigheadar iad féin ar chárr áirithe dá raibh 'sa gcruinniughadh, a raibh ribíní bána, ag imteacht lé gaoith air. Nuair a bhíodar réidh, as go bráth leó, idir caiple agus carranaí, agus níor stopadar ariamh, ariamh nó gur bhaineadar amach tigh Sean Shéamuis ar an gCnocán Raithnighe. Nuair a tháinic siad go dtí an t-sráid, bhí teine chnámh mór lasta ánn, agus bhí buachaillí óga na h-áite cruinnuighthe ánn. 'Sé Micheál Sheáin a ghnothuigh an rása, agus uaidh sin amach dubhradh gurab aige a bhí an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ua Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Cearra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe