Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 112
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Le scéal na bainfheise seo a thuiscint i gceart ní mór eolas éigin a chur ar pharáisde Mághchuilinn i dtosach.”
Le sgéal na bainfheise seo a thuigsint i gceart ní mór eolas éigin a chur ar pharáisde Mághchuilinn i dtosach. Is ait an pharáisde é ar go leór bealaighe. Tuairim's lár báire ann, atá an sráid-bhaile beag ar a dtugtar an Garrdha Gamhain air. Gach a bhfuil den pharáisde ó thuaidh den Gharrda Gamhain tugtar an Taobh Mín no na coillte air, agus an leimistéar atá ar an taobh eile tugtar an Sliabh air.
Bíonn lá an greannmhar ag gach beinfhéis a mbíonn i Mághchuilinn, ach le na blíadhanta anuas ní fhaca aon duine 'ríamh a leithide de bhainfhéis is a bhí ag Seán Breathnach as an t-Sean-Bhaile cé gur mór an rud le rádh é.
I dteach an phobail i Mághchuilinn a pósadh an lánamháin úd agus bhí trí mhíle le dul as sin go teach na bainfheise. Mara raibh caiple díallaide, carranna, agus cairteacha bailighthe ann ní lá go maidin é. Thuas ar shlíabh a bhí cómnuidhe de Seán Breathnach agus tá fhios ag an saoghal nach féidir aon coisidheacht den rath a bhainnt as caiple ag dul súas an t-árd sin, agus dá bhrígh sin b'eigean imtheacht go mín réidh socair go raibh an t-ard glanta. Ach mar ar féad na marcaigh a dhul a comhlinnt súas an cnoc d'fhéadadar a bheith a cur feisteas orthú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe