Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 075
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Deirtear go bhfuil ór le fágháil i Mám Éan timpeall sé mhíle siar ó Uachtarárd.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    torann lé rud mar a bhfead miotal. Cárt sé an chréafóig thart timcheall air agus níor bhfada go raibh pota lé feiceál aige. Thóg sé aníos é agus bhreathnuigh sé air agus bhí na focla seo sgríobhtha ar thaob an phota.
    "Níl fhios cé aca is sonaíghe an taobh seo den chlaidhe na an taobh eile.
    Stad sé tamall agus thosuigh sé ag cuimnuíghadh céard a chiall na focla agus as an deireadh chuimhnigh sé go mbféidir go raibh an taobh eile chom sonaígh leis an taobh seo. Chuaidh sé thar an claidhe agus thosuigh sé ag cartú arís; ní raibh se i bhfad ag deanamh puill go bfaca sé pota eile cosamhail leis bpota bhí fáithte aige. Thóg sé aníos é agus bhreathnuigh sé ar bhí sé chuile ordlach chomh mór agus chomh leathan leis an gcéad pota acht ní raibh tada sgríobhtha air. Dimmthig leis abhaile sáthach sásta dhó féin agus na dhá phota óir in a láimh aige. Seachtmhain in a dhiaidh sin daraigh muinntir an bhaile ag eirghe án
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig Ua Dhuibheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Raithní, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nioclás Ua Dhuibheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc Raithní, Co. na Gaillimhe