Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Micheál Ua hUigín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua
  2. XML Leathanach 071
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá fiche míle giní d'ór na Spáinne ar aghaidh na gréine i gCill an Ráine.

    "Tá fiche míle giní d'ór na Spáinne,
    Ar aghaidh na gréine i gCill an Ráine."
    Cill an Ráine an t-ainm atá ar choill mhóir atá in aice Mághchuillin. Tá na h-acraí talmhan innti agus in áiteacha tá sí chómh tiugh sin lé driseacha agus lé tomannaí, is nach féidir a dhul tríotha.
    Deirtear gur cuireadh cuid de shaighdiúirí na Spáinne, isteach ar chóstaí Chonnamara, ins an mbliadhain ar chuir na Spáinnigh, cabhlach mór go Sasana lé na togáilt. Ar chuma ar bith shocruigh cuid acú síos ins an tír, agus thárla go dtáinic duine acú go dtí Cill an Ráine. Shocruigh sé síos ánn, acht duine ánn fhéin a b'eadh é, agus níor thaithnigh sé lé na daoine. Cuireadh ruaig air, achth bhí ciste óir curtha i bhfholach aige in áit eicínt, ag ceapadh dár ndóigh go mbeadh sé lé fághail aige uair eicínt dá bhfhilleadh sé, acht níor fritheadh amach an fear ná an t-ór, ón lá sin go dtí an lá atá indiú ánn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ua Fáthartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Cearra
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe