Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 034
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dearmad déanta aige ar an bhfocal a tiubharfadh ama[ch] é. Bhí sé ag rádh chuile fhocal dá raibh ag teacht in-a cheann, ach ní raibh aon mhaith dhó ann. Tháinig na robalaí faoí dheire, agus nuair a chonnaic siad an fear istigh mharbhuigheadar é agus gheáradar in-a phíosaí é. An oidhche lá ar na bháireach chuaidh an chéad dearbhráthair go dtí an charraig, agus nuair a chuaidh sé isteach, chonnaic sé an dearbhráthair thug sé leis é,. Bhí gréasuidh[e] in-a shuidhe i gcúinne beag, chuir an dearbhráthair púicín air, agus thug sé leis é, ach bhí an gréasuidhe ag cóimhreamh na gcoisméig. D'fhuagháil sé an dearbhráthair marbh, agus chuir siad san talamh é. Leag sé an gréasuidhe ins an áit a fuair sé é. D'innis an gréasuidh[e] é sin do'n chaiptín robála. Dubhairt sé leis an ngréasuidh[e] an teach a innseacht dhó. Dubhairt an gréasuidhe go raibh fhios aige cé mhéid coisméig a bhí ann.
D'imthigheadar leó agus nuair a bhí siad ag an teach chuir siad marc ar an doras. Nuair a chonnaic cailín an tighe é seo, dubhairt sí go raibh rud eicínt le tárlú, agus chuir sí marc ar chuile teach ar an mbaile. Nuair a chonnaic an caiptín robála é seo ní raibh fhios aige cé'n teach de'n bhaile a chuir sé an marc air. Chuir an robála dhá bhairile sa ngarraidhe ós cómhair an tíghe. Nuair a d'éirigh an cailín ar maidin bhreathnuigh sí síos i mbairile agus céard a bhéadh ann ach fear. Isteach lé agus thug sí amach túlán uisge te, agus sgál[l?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Fátharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe