Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “Scéal - Cistí Óir i bhFolach”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an gréasuidhe, tá neach ag tigheacht cugamsa chuile oidhche ag rádh dá dtéighinn go Connamara go mbeadh pota óir lé fághail agam, faoí chrann i ngarraidhe Thomás Buidhe an Mhuirisg. Nuair a chuala Tomás é seo, níor thóig sé méir dhá shrón nó gur fág sé Luimneach, agus dá laighead achair dár thóig sé ag teacht, níor thóig sé leach an achair ag dul abhaile. Nuair a tháinig sé ní rinne sé tada acht láighe a fhághail agus dul go dtí an cránn agus thosuigh sé ag cartadh. Ba geárr gur tharraing sé aníos pota mór óir agus sgiob sé leis abhaile é. Tamall in-a dhaidh sin tháinig sgoláire bocht thart agus bhí clár an phota leagtha ar an urlár agus, d'fiafruigh an sgoláire bocht cá fritheadh é, tuige arsa Tomás,. Tá focla sgríobhta ar arsa an sgoláire bocht. Cén sórt focla iad fhéin "arsa Tomás". Ó arsa an sgoláire bocht, an taobh de'n chránn a fritheadh é sin ní feárr é, ná an taobh eile. Nuair a chuala Tomás é sin fuair sé láighe aríst agus thosuigh sé ag cartadh ar an taobh eile, bha gheárr go raibh pota eile ar bruach aige. D'imthigh leis abhaile, agus d'innis sé dhá bhean é, agus thug siad an teach agus an talamh suas do'n sgoláire bocht, agus mhaireadar go suaimhneach as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Nuair a fuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh as an bPáirc bás, bhí muinntir na háite ag rádh go raibh go leor airgid i bhfolach i sean-bhallaí an tighe.

    Sgéal.
    Nuair a fuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh as an bPáirc bás, bhí muinntir na h-áite ag rádh go raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.