Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar é sin an coinín a chuaidh amach adeir an fear uasal, is é a deir mac na baintrighe. Níl aon áit dá mbéadh mise nac ngeobhfadh an coinín sin amach mé adeir an mac. Tiubharfaidh mé sgór punt dhuit air, a deir an duine uasal, tá go maith arsa mac na baintríghe. Agus d'imthigh an fear uasal leis, agus an coinín aige. Chuaidh sé ag foghlaéracht agus dubhairt sé le na mhnaoí, nuair a bhéadh an d'innéar [!] réidh, an coinín a chuir ag glaodhach air. Sgaoil sí amach an coinín agus chuaidh an coinín isteach i bpoll san mballa. Nuair a tháinic an fear uasal abhaile trathnóna, bhí sé ar buile go mór. Dubhairt sé go gcaithfeadh sé a chuid airgid a fhághail. Mharbhuigh mac na baintrighe gabhar, congbhuigh sé dhá adhairc an ghabhair agus putóig líonta le fuil. Chuaidh sé a chodladh sa gcóra annsin. Chuir an máthair an phutóig thar timcheall ar amhuinéal agus nuair a tháinig an fear uasal, d'fiafruigh sé cá raibh an mac. Dubairt an bhaintreabhac go raibh sé in-a codladh san gcóra. Dh'úisigh [!] sí é, agus thóg sé sgian agus gheárr sé an phutóig agus thuit agus thuit an fhuil amach, agus leig sí uirrí go raibh sí marbh. Céard atá déanta agat le do mháthair agat a deir an fear uasal. Innseócaidh mé de na gárdaí ort. Thóg sé an adhairc agus shéidh sé í, in-a cluais, agus d'éirigh sí arís. Thug an fear uasal céad punt dhó uirrí, agus bhí sé fhéin agus a mnaoí ag céilidhe, agus bhí sé ag iarraidh ar a mhnaoí a dhul ag damhsa, agus ní rachadh, mharbhuigh sé í. Agus shéid sé an adhairc siar in-a cluais, agus níor fheád sé í a dhéanamh beó. Crocadh é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Neachtain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe