Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 025
- XML “Scéal - Tomás Mór Ó Síoda”
- XML “Scéal - An Bhaintreach agus A Mac gan Aon Deis Mhaireachtáil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh Tomás Mór agus a muinntir go tír eicínt eile...
- Sgéal.
An bhaintreabhac agus a mac gan aon deis-mhaireachtáil.Bhí baintreabhach i ghConnamara fadó, agus bhí aon mhac amháin aici. Bhí siad an bhocht. Aon lá amháin dubairt an mac go rachadh sé ag saothrú, agus dubhairt an mháthair leis a dhul. Ní raibh ceó aici lé tabairt dhó, le h-aghaidh an bhóthair acht trí shicín. Thug sé leis an trí shicín. Thug sé leis an trí shicín [!] agus d'imthigh sé leis, agus ní raibh sé i bhfad ag dul go dtí an baile mór. Dhíol sé na trí shicín ar an margadh agus fuair sé luach maith ortha. Chuaidh sé go dtí siopa agus d'fiafruigh sé d'fear an tsiopa, cé méid a bhéadh ar leabadh le codhalta go maidin. Sé pighinne arsa fear an tsiopa. Tá go maith arsa an mac seo. Annsin chuaidh sé a chodhladh go séanmhar sásta. Nuair a dhúisigh sé ar maidin, cheangail sé suas an leabadh, agus tháinig fear an tsiopa go dtí é. Cá bhfuil tú ag dul leis an leabadh arsa fear an t-siopa leis.? Tá mé ag dul dhá thabairt liom abhaile, mar d'íoc mé í aréir. Fág agam í arsa fear an tsiopa agus béarfadh mé chúig ghiní dhuit. Tá go maith arsa mac an baintrighe agus fuair sé chúig ghiní uaidh fear an t-siopa. D'imthigh sé leis abhaile go sásta. Ar a bhealach abhaile dhó, do casadh fear leis agus capall mór aige, d'fiafruigh sé céard a bhí sé ag iarraidh ar an gcapall, dhá ghine arsa an fear. Tá go maith arsa mac na baintrighe agus thug(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe