Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus i lár na leice tá tobar fíor uisge agus an t-am seo a bhfuil mé ag trácht ar, bhí leach mhór in-a sheasamh taobh ó dheas den tobar, agus i ag congbháil sgáile na gréine ón tobar. San am seo bhí Tomás ag brionglóid trí oidhche indhiadh [!] a chéile, go raibh trí (óir) phota óir idir trí idir trí síonta i lár na leice. Ní raibh an tobar ann ar chor ar bith san am a raibh Tomás ag brionglóid. Taobh shíos den leac bhí sgeach mhór árd. Ar chuma ar bith an oidhche thar éis Tomás a bheith ag brionglóidí, chuaidh sé suas ar an leac idir a dó-dhéag agus a h-aon a chlog san oidhche, agus nuair a sheas sé, céard a siubhalfadh aníos chuige acht firín beag agus éadach dearg air. Do bheannuigheadar dhá chéile. Tá mé ag iarraidh conghnamh ort arsa Tomás leis an trí phota óir atá annseo a thabhairt liom. Imthigh leat arsa an firín agus croch suas an taobh ó thuaidh de'n leac atá idir na síontaí seo. Tá an leac sin mar bheadh clár ar chóra agus i leigthe síos ar an ór. Rinne Tomás amhladh agus thuit an leac ar a corr agus d'fan mar sin. Do thóg Tomás aníos an trí phota agus iad lán d'ór buidhe. Ghabh sé buidheachas leis an bfirín. Cé'n t-ainm atá ort arsa Tomás? leis an bfirín. Is mise mac an árd cheannphort a bhí ar na daoine maithe atá in-a gcomhnuidhe i gcnoc meádha arsa an firín beag. Bhí orm an áit seo a chúdach go dtugadh duine éicínt leis an t-ór,. D'fágadar slán ag a chéile, agus d'imthigheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe