Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 283
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sgábhuidhe darbh ainm Androcles san nGréig sa t-sean aimsir. Bhíod a maighistir an -cruaidh air, agus bhíodh sé ag gol i n-uaigneas na h-oidhche le pianta cuirp agus le brúghadh croidhe. Cuaidh an sgéal sa dóigh as nár fhéad sé é a seasamh ní b'fuide agus d'éaluigh sé ó'n máighistir. B'eigean dó dul i bfolach istigh í lár coille í bfhad ón mbaile mór. B'fearr leis an fuacht agus an t-ocras agus t-uaigneas ná bheith ag obair do maighistir gan trócaire. Lá amháin nuair bhí sé ag dul amach ag lorg croidhe, céard a cifeadh sé ag béal ag pluaise acht leomhan mór. Bhí faithcíos ar Androcles. Cuaidh sé abhaile arís agus connaic sé go riabh dealg mór ráichte isteac sa bfeóil ínnti. Tharraing sé amach déalg. Bhain sé stiall dá chasóig agus d'fill timhceall na coisé é. Bhí an leómhan ag líge ar feadh an achair agus bhí cuma go raibh sé an-buidheac ar fad do Androcles. Gach lá ina dhiaidh sin thagad an leomhan cun na pluaise agus tugadh sé roinnt dá cuid bíd féin cun a carad. I rith an ama sin bhí saigdiúirí an maighistir ar thóir Androcles. Rugadar ar faoi deireadh, agus thugadar í lathair Reactaire an catrach é. Sé breitheamhas a thug an Reactaire air , ná é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe