Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ina cómhnuidhe i Clanna Caoilte fadó. Máire an tainm a bhí uirri. Ní raibh sa teach aice ach i féin. Bhí a teach in aice caisleán. Bhí faithchíos air an bhean bheith ag cómhnuidhe annsin mar ní raibh aon teach in aice leithí. An oidhche seo bhí sí ag dul ar cuairt mar ba gnáth leithí. Ní bheith faitchíos uirri cor ar bith ag dul ar cuairt ach beith faitchíos uirri ag teacht abhaile mar gheall ar an caisleán. An oidhche seo bhí sí timcheall trí a clog agus í ag teacht abhaile in aice leis an caisleán agus céard a tith amach as ach sidheóg agus í ag damhsa. Is beag nár thuit an bhean i bhfantais nuair a chonnaic sí céard a bhí lé'n a thaobh, agus dubhairt an sidheóg leithí,- bíonn tusa ag dul thart gach oidhche agus má fheiceann mé tú as seo amach beidh tú in a sidheóg agus as sin amach ní raibh an bhean ag dul ar cuairt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Coileáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraigh Ó Comán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe