Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 245
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon udir amháin bhí fear ann. Bhí sé in a chómhnuidhe í leacach. Doctúir dobeadh é agus bhí sé ag fághail a lán airgead ó na daoine tinn. Gach lá bheith sé istig san teach ósta ag ól, agus nuair a théigfeadh daoine chuige bheith se ar meisge agus tiubharfaidh sé rud le nól dóibh le h-aghaidh an duine tinn. Lá in a bháireach tagfadh sé go dtí teach an duine tinn agus sé an rud a déirfeadh sé nó cé thug an leigheas sin duit. Mar bhí sé ar meisge an céadlá. Bhí sé mar sin ag ól, agus ag déanamh gach rud as an bhealach. Acht an lá seo bhí gárda tinn aus thug sé leigheas dó acht an lá in a dhiaidh sin bhí an gárda nios measa nó ariamh. Tháinig doctúir eile ag Gaillimh agus d'íarr sé den gárda cé thug an leigheas sin dó agus dubhairt an doctúir O h-Eoláin as Baile Átha an Ríogh. Dubhairt an doctúir as Gaillimh go raib an leigheas sin le h-aghaidh capall. Nuair a bhí an gárda go maith arist do cur se an doctúir as a ceird.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Coileán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó hEoláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)