Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    acú nuair a chuaidh siad ann. Béigin dóibh dul isteach go dtí an lár agus fuair siad an cuileann leis na clochaí dearga. Bhain siad go leór cuileann annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. San am fad ó bhí fear agus a bhean i na suidhe cois na teineadh oidhche Shamhna. Bhíodar an bhocht, ní raibh aca i gcóir a suipéir acht píosa beag bagúin a bhí san bfríochtán ar an teinidh. Bhíodar ag ceasacht i dtaobh an míd-ábha bhí orra iad bheith chomh bocht nuair a cualadar ceóil an bhinn dá sheinim ar píobaí thuas san similéar. D'feicadar suas agus connacadar fear beag i na suidhe ar bhata an chrucha. Bhí caipín dearg air, cóta uaithne bríste buidhe stocaí bána agus bróga deasa agus buchlaí móra airgid ortha. Do stad an fear beag de'n ceól annsin agus sé chuala mé sibh a radh go raibh sibh an bocht gan saidbhreas gan airgid. Anois beidh trí guidhe agaibh agus pe rádh is maith sibh d'fhágail níl le déanamh agaibh acht a rádh gur maith libh é, agus geobadh sibh ar a bpoinnte é. Tháinig iongradh an domhain ar an bfear bocht agus ar a mhnaoi. Ní raibh fíos aca caide an rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0750A: The Wishes
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuilcín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe