Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 205
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an sean áimséar nuair a bhí na saighdiúirí ag suibhal tríd na tíre bhí ar na daoine lóistín a thabhairt. Oidhche amháin tháinig siad go teach in raibh sean bean agus a mac ina gcomhnaidhe. Thug siad lóistín do cheann acu. Rinne an mac leaba dó in aice na tine. Da ghnáth leis an sean-bean éirghe gach oidhche ag caitheamh a píopa. Dubhairt an mac leis an saighdúir go dtagadh "Eailleach na Luathraighe" gach oidhche agus gan aon eagla a bheith air. San meadhan oidhche d’éirighe an sean bean. Bhí an saighdiúr ag faire leí tharraing sé chuige a ghunna agus marbhuaigh sé í. "Anois a fhear an tighe," adeir sé, "tá Eailleach na Luathraighe marbh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muirceartach Mac Craith
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Mac Craith
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
  2. Bhí fear amuigh oidhche dorcha agus bhí faitchíos mór air, mar bhí air dul thar roilige. Bhí cáil sidheógaí tart timcheall na roilige sin. Nuair a bhí sé in aice leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.