Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé in a chómhnuidhe í leacach. Peacach mór a bhí ann. Ní raibh sé ag dul go dtí an Aifreann nó na sacramantaí ná isteach sa Eagluis cor ar bith. Sa deire tháinig Missiún go dtí an áit agus leis an méid a chuala an fear seo uatha, d'iompuigh sé agus bhí sé ina fhior-caitileach as sin amach. Tar éis tamaill maith chuaidh sé go dtí an faoistín agus bhí fáilte mór ag an sagart roimhe agus bhí sé an-lághach leis amach is amach. D'innis sé a sgéal don sagart agus an méid gníomh a rinne sé as bhealach agus gach peaca beagnach a rinne sé. Diarr an sagart air an raibh dólás air agus dubhairt seisean go raibh. "Buell ars an sagart bhfuil tú in dhon turas na croice a dhéanamh." "Ó táim tuighe nach bhéinn ars an fear" Sin é an píonós atá ort anois agus déan é. Tá go maith ar seisean. Thug an sagart a bheanuacht dhó agus chuaidh sé amach ó'n bhosca an fhaoistinigh. Bhí ionghuadh mór ar an sagart nuair a chonnic sé an fear a'dul abhaile gan an phionós a dhéanamh, ach níor leig sé air féin. Cúpla
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Choileáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Coileáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe