Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Ní hAoibhinn”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    No eifeacht i leágha na bfiann racha mé féin
    Go ndéanad, gan cuideachtain lióm
    A mhín-cneas géal tréim
    Slán ó créachta gan colm dá chionn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí Seán tamall fada pósta agus ní raibh aon muirghin aige, agus bhíodh se í gcómhnuidhe ag clamhsán mar gheall ar sin. Bhí Seán amuigh oidhche amháin agus bhí sé deireannach air ag teacht abhaile agus casadh fear air, ar a bhealach abhaile. D'fiafruigh an fear de cé'n t-ainm a bhí air. Tá aithne agat orm acht níl aithne agam ort. Bhí aithne agamsa ortsa a Sheáin nuair a bhí mé in mo fear óg. Acht fuair mé bás agus chuaidh mé ins na sídheógaibh. Ba ceart go mbéadh fhios agat anois cé'n fáth go raibh mé féin agus mo bhean ag clamhsán. Tá fhios agam go maith a Sheáin, agus í gceann bliadhna bhéad mac óg ag do bhean. Más fiarr é sin bheidh áthas mór orm. Bhí imnidhe ar Seán annsin go raibh an bliadháin istigh. Nuair a bhí an bliadhain istigh rugadh mac do Sheán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Craith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraigh Ó Comáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe