Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon uair amháin bhí sean-bhean darbh ainm Máire Ní Dhubhthaigh in a chomhnáidhe i dteach beag in aice le Óran Mhór. Bhí a fear caillte agus ní raibh duine ar bith in a cómhnaidhe leí.
    Lá amháin tháinic fear déirce go dtí an doras agus d'iarr sé lóistín na hoidhche uirrthí. Bhí an fear déirce taobh istigh do'n doras agus bhí faitchíos an domhain ar an mbean roimhe. Bhí fios aicí nach mbeadh sí indon é a cur amach nuair nach raibh aon duine le cabhair a thabhairt dí.
    Sa deire chuimhnigh sí ar chleas. "An dtabharfaidh tú congnamh dom le tuighe agus súgán a cuir ar choca féir, mar sguab an gaoth an tuighe do aréir" ar sise. "Ó tá mé lán-tsásta é sin a dhéanamh, a bean uasal, " ars an fear déirce. Chuaidh an bean amach agus thug sí isteach gabail mo thuighe. Annsin thosuigh ag deanamh súgáin. Dubhairt sí leis an bhfear an súgán a casadh. Do réir mar a bhí an ag dul í bfuideacht bhí ar an bfear a dhul amach an doras. Nuair a bhí an súgán an-fhada agus an fear achar maith ó'n ndoras dhún an sean-bhean an doras agus ní raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní hEóláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mairghéad Bean Uí hEoláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Seoladh
    Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe