Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)

Suíomh:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bán Mór
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Cloch Bhán”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis an t-airgead a bhaint dó. Eón an t-ainm a bhí ar an fear sin. Sé an cheapa a dtáinaig isteach in-a cheann dul isteach san cloch agus bhéadh sé samhailte. Chuaidh sé isteach san agus bhí sé samhailte. Sin é an fáth go bfuil an t-ainm sin ar Pairc Ceapa Eón.
    Pádhraig Ó h-Éanacháin, Peach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá páirc ar feirm mo athair sa mbaile. "Páirc an Salach" atá mar ainm air.

    Fúaireas an cuntas seo ó mo athar Séamus.

    Tá pairc ar feirm mo athair sa mbaile. "Pairc an Salach" atá mar ainm air. 'Sé an fáth go raibh an t-ainm sin mar fadó ní fasfadh barraí ann leis an méid salachar a bhí ann.
    "Páirc an t-Séipéil ceann eile de na pairceanna. 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar fadó bí séipéal ins an ngort sin. Tá ballaí an t-séipéil le féacail ann fós.
    Tá pairc eile, 'sé an t-ainm air "Gort na Raithneach". 'Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air, mar gheall ar an méid raithneach a bhí ag fas ann, sul a chuir m'athair aon bárraí ann.
    Gort eile 'sé an t-ainm atá air "Gort Gamhain". 'Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin air mar fadó aon fear a geobhfadh gamhain ag dul amudha, chuireadh sé isteach ins an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Peig Ní Gabhann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tómas Ó Gabhann
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Bán Mór, Co. na Gaillimhe