Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)

Suíomh:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Mainnín

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bán Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

faoi an sgeach. Fuair sé an pota. Thug sé isteach é agus bhain sé an clair dhe. Bhí an pota lán de ór. Bhí sgriobnóireacht ar chláir an phota agus ní feadfadh duine ar bith é a léigheamh bhiodh sgoláirí bochta ag dul thart an úair sin agus thainigceann diobh isteach. Bhí cláir an phota leagtha in aice na teineadh. D'iarraidh sé de fhear an tighe "Cá bhfuil cláir an phota". Dubhairt fear an tighe nach raibh fhios aige ach go raibh sé annsin ar fud an tighe le fads. "Céard tá sgriobthaair" a deir fear an tighe. "Tá", a deir an sgolaire bocht. Ní sonaige an taobh sin de'n crann ná an taobh eile. Chuiadh fear an tighe amach ar maidin agus thosaigh sé ag romhair faoi an taobh eile de'n sgeach. Fuair sé pota eile ann agus bhí a shoith aige annsin ar feadh is mhair sé.

Bailitheoir
Micheál de Faoite
Inscne
fireann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán de Búrca
Inscne
fireann
Aois
80
Seoladh
Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge