Scoil: An Bán Mór (uimhir rolla 9069)

Suíomh:
An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Mainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bán Mór
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal faoi Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    de'n chlaidhe. "Bhfuil tú ag dul abhaile" adeir an Phúca. "Tá mé" adeir an bhuachaill. "Gabh suas ar mo druim" ars an Phúca. Thug sé an buachaill isteach ar fud na coille. Stroice[adh] é leis na crainnte agus ní raibh snáth eadaigh fagtha air. D'fag an Phúca é cheithre mhíle o'n teach ar colbh an bhothair. Nuair a sheas sé súas le teacht abhaile, ceard a bhí roimhe ar an mbothar acht chónra. Chrom sé sios go gcuirfeadh sé an chónra isteach ar thaobh an bhothair agus nuair a chuir labhair an fear a bhí istigh agus dubhairt sé "Cuir suas ar do dhruim mé agus tabhair do'n roilg mé" Chuir sé an chónra ar a dhruim. D'iomchur sé cheithre mhíle é go dtí an roilg. Thainig an buachaill go geata an teampuill. Dubhairt an fear a bhí san gcónra "Geobhfaidh tú an eochair ar an piléar. Thug sé an chónra isteach agus leag sé sios dá dhruim é. "Gabh go dtí an sgeach sin thall" ars an fear a bhí san cónra "agus geobhfaidh tú laighe agus slúasad" go ndeanfaidh tú poll dom. Nuair a bhí cúpla preab báinte ag an buachaill cuir an fear a bhí san uaigh beac as agus dubhairt "Ná cuir annseo é acht tóg go dtí an cead roilg eile é." Chuir sé an chonra ar a dhruim aris agus thug sé cheithre mhíle eile é. Nuair a tháinig sé do'n geata bhí glas air. D'fosgail sé an gheata agus thug sé isteach an chonra. Fuair sé laighe agus sluasad agus thosaigh sé ag romhair. Nuair a thosaigh leig an fear a bhí san uaigh béac as agus dubhairt "Ní cheart a leithead de fhear sin a chuir annseo." Thug sé an chónra ar a dhruim agus bhí sé sios dá glúnai[bh] i n-uisge ag dul amach an gheata. Bhí fear taobh amuigh de'n gheata agus dubhairt "Ní chuirfidh t[ú] annseo é sin." Ní thiubhraidh mé nios fuide é" adeir an buachaill agus chaith sé an chónra san lin uisge. "Cuir an chónra ar do dhruim agus fag mise san áit a bfuair tú mé" ars an f[ear] a bhí san chónra. Bhuail sé an chónra ar a dhruim agus bhí ocht míle le dul aige leis. D'f[ag] sé an chónra san áit a bfuair sé é. "Teigh abhaile anois" ars an fear "agus dá ndeanfá an rud adhubhairt do mhathair leat ní bheadhthá annseo anois." Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí a mhathair ag faire air. Chuaidh sé a codhladh agus nior eirigh sé go ceann seachtmhaine. Nior imrigh sé cártaí aris go bfuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál de Faoite
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán De Burca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe