Scoil: Leath-bhaile
- Suíomh:
- An Leathbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 277
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leath-bhaile
- XML Leathanach 277
- XML “Bliain an Drochshaoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cainnt a chualas ó m'athair Padraic Breathnach
aois - trí sgór go leith bliadhain.
Bhí níos mo daoine in a gcomhnuidhe ar an mbaile seo ná tá anois, agus bhí ceithre sgór teach in mo bhaile. Lof na sgoilteóga agus níor fhás acht corr-ghas an bhliadhain sin. "Protastúnaigh" agus "Tolers" a chuir na daoine sa bhliadhain ocht gcéad déág is dhá sgór is seacht. Bhain siad na gas a d'fhás. Ch'uile teach cuirfeadh siad acra fataí agus níor fhás, acht ceathrú de ch'uile acra. Fad is bhíos siad ag fás lof siad. Stirapouta min-bhuidhe agus arán coirce bhíodh siad ag ithe in ionad fataí bliadhain an droch-shaoghail. Cuireadh siad ceithre sgailteóga treasna an iomaire troighthe ó chéile. Bhí siad ag fághail min-bhuidhe ó'n Workhouse i dTuaim. Níor íoc siad ortha, bíodh siad ag fághail in a dheirce.
Fuair siad an síol dara bliadhain ó Scotland. Nuair a bhí siad ag treabadh an dara bliadhain bhíodh clebhín aca ag piocú na bhfataí beaga le h-aghaidh síol.Cailleadh scór thart anseo leis an ocras, acht níor chaill duine ar bith leis an bhfiabhras, acht cúpla in aice le Tuaim. Ní raibh biadh gann ó shoin. Ní raibh Champínní aca an t-am sin chor ar bith acht ceithre bliadhna in a dhiaidh sin tugadh ó Scotland iad, acht bhí ortha íoc ortha an t-am sin. Chuaidh daoine isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cladach Thoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraic Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Cladach Thoir, Co. na Gaillimhe