Scoil: Leath-bhaile
- Suíomh:
- An Leathbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leath-bhaile
- XML Leathanach 245
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn oidhche Shamhna againn an t-aonmhadh lá déag is fiche de dheireadh foghmhair. Bíonn spóirt ag an aos óg an oidhchesin ag imirt cleasanna. Seo cleas a imrightear. Líontar báisín le uisge agus cuirtear ubhall síos ann. Deanann gach páiste iarracht breith air le n-a bhéal gan lámh a leagan air. Má eirigheann le aoinne sin a dheanamh bíonn an t-ubhall aige dhó féin mar duais. Seo mar a imrightear cleas eile, fágtar trí fó-chupáin ar an mbord agus cuirtear uisge glan i gceann acu, uisge salach i gceann eile agus fágtar an ceann eile falamh. Cuirtear dallamullóg ar dhuine ansin agus iarrtar air a lámh a chur i gceann de na fó-chupáin. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge glan beidh céile maith aige. Má chuireann sé a lámh sa gceann in a bhfuil an t-uisge salach gheobhfaidh sé droch-chéile, agus má’s sa gceann a bhfuil falamh ní pósfar é ar chor ar bith i rith na bliadna. Bhí na cleasa seo ag na sean-daoine nuair a bhíodar óg. Dheanfadh gach clann cathal oidhche Shamhna, sé sin dheanfadh siad fataí a phíleáil agus a mbruith agus iad a mbrughadh le bata. D’íosfadh siad na fataí bruighte le im agus bainne. An t-é nach mbeadh im ná bainne aige thuibhradh an t-é a mbeadh im agus bainne aige chuid dhe do’n duine a mbeadh falamh. Ní íosfadh siad aon scitheóirí ó oidhche Shamhna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhall Pléamonn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cartún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Domhnall Pléamonn
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80