Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Úna Ní Chonfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 203
- XML “Leipreachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gréasuidhe leipreachán. Bíonn sé na chomnuige ar taobh an cnuic. Deireann na sean-daoine go gcaiteann sé cota déanta as croiceann. Bíonn sé i gcomnuidhe ag déanamh bróg le h-agaidh na sideóg. Rug fear air oidche amháin agus bhí sé ag déanamh bróg. D'iarr sé air croca óir a thabhairt dó. Tricadóir seadh an leipreachán agus arsa sé leis an fear "tabhair dhom an casúr sin" agus nuair thóg sé an casúr in a láimh thug sé é don leipreachán bhí an leipreachán imtigthe nuair d'féach sé. Lá eile rug bean air, agus d'iarr sí air croca óir a thabhairt di. "Féach ar an teach trí theine" arsa an leipreachán leí. D'féach sí agus ní raibh an teach trí theine chor ar bith, agus nuair d'féach sí arís bhí an leipreachán imtigthe. I croca a bhíonn an t-ór aige. Ba mhaith liom an leipreachán a fheiceál mar ní déanfadh sé aon dochar dom. Chonnaic bean a bhí in a comnuithe in mo comursanacht an leipreachán uair amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Thiomaltaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na gCloch, Co. na Gaillimhe