Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 118
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)déanamh marcanna ar an dtalamh in ionad croise. Ní cheart aon luachra ná aon rud eile a chaitheamh amach an chéad lá de mhí na Bealtaine, mar deirtear go mbíonn na sídheóga ag dul ó lios go lios ar feadh an lae sin, agus dá gcaithftí rudaí shalaigh amach, beidhfí ag déanamh na h-áite salach in a mbíonn na sídheóga ag siubhal. Deirtear má thugann tú bainne do na daoine atá in a gcomhnuidhe thart timcheall do thighe an chéad lá de mhí na Bealtaine, deirtear go mbeidh an t-im ag na daoine agus nach mbeidh aon im agat in a dhiaidh sin amach.Deirtear má bheidh sioc agus sneachta againn lá Nodlag, ní bheidh mórán daoine ag fághail bháis. Acht nuair nach mbíonn sioc nó sneachta againn, bíonn go leór daoine ag fághail bháis ar feadh na bliadhna sin, agus is fíor é sin i gcomhnuidhe.
Fuaireas ó:- Cáit Ní Chionnaigh, Claise-Rua, Cluain Mionda- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Chionnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe