Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Cormac Dall ina chomnuidhe in áit a dtugadaís Tuílsc air. Bhí sé dall agus é ag dul thart le maide agus madadh beag.Bhí sagart paráisde in áit a dtugadais Gl'n-isgc air agus bhí sé an-mhór le Cormac. Thagadh Cormac ar cuaird ar an sagart go minic agus d'fhághadh an sagart an-spóirt ar a chuid cainnte.D'imthigh an sagart ar a laetheannta saoire go dtí an Fhrainnc nó áit eicínt mar sin, agus tháinic sé abhaile faoi Shamhain.Ba ghnáthach le buachaillí a bhaile a dhul faoi Oidhche Shamhna agus gabáisde a ghoid agus é a chaitheamh in áit nach mbíodh mórán gabáisde - ag bean no ag fear bocht ar bith.Nuair a chualaidh an sagart faoi ghoid an ghabáisde rinne sé seanmóir ag cur mhilleáin ar na daoine a ghoid é. Dubhairt sé to mba mhór an peacadh a bheith ag goid is a' fuadach an rud a chuir na daoine le h'aghaidh a n-úsáid féin.Nuair a chualaidh Cormac go dtáinic an sagart abhaile, cuaidh sé ar cuaird air mar bhíodh an sagart go maith dhó agus is minic a thugadh sé síneadh láimhe mhaith(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seaghán Ó Máinín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe