Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí dream de na comharsanna bailighthe isteach ag tigh Pat Dolan oidhche ag cuairt. Cuid aca ag imirt cardaí, cuid eile ag seanchas daoibhtha féin mar is gnáthach dá leithide a bheith.Nach ionghantach an glór atá ag sean-Micilín fós.
"Is ionghantac gan aimhreas" arsa duine eile.
Chualaidh mé féin é indiu agus mé thuas ar mhóin Cill a' Chocla" arsa Sean-Mhichil a Búrca. Bhí sé ag glaodhach ar a mhadadh agus chualaidh mé go glinn é."Níl urlabhra chomh maith aige is bhí ag Patch Phatcy fado" arsa Pat Dolan.
Chualaidh mé gor raibh an t--an gló aigesean arsa an sean-Cinnéideach.
Bhoil arsa Pat, Beannacht Dílis Dé le h-ainmannachaí na marbh; Cualaidh mé m'athair a rádh go raibh bean Patch Phatcy (Brighid) ag dul ar margadh Dún Mór lá agus tar éis imtheacht dhuithche gur bhris Patch a phíopa. Ní raibh fhios aige céard dhéanfadh sé gan gaoil mar bhí an t-an dúil aige 'san tobac.Suas leis ar bhárr Eiscir an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac Concatha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buíbheanach Mór, Co. na Gaillimhe