Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scoil ag Seághan a Taidhg i bfoigseacht dhá ficid slat den droichead céadhna. Bhíodh seisean ag muineadh béarla agus bhí sean cloigeann asail aige agus duine ar bith de na scoláiri a bheadh ag labhairt Gaedhilge sa mbaile no thart timceall na sgoile cuireadh an máighistear Seághan A Taidhg cloigeann an asail air ag dul abhaile dó.An trathnóna seo cuireadh an cloigeann ar mhic an gabha mar gheall ar go raibh sé ag labhairt Gaedhilge sa mbaile. Nuair a chonnaic an gabha a mhac ag teacht agus cloigeann an asail air ní raibh fhios aige céard a bhí bun oscionn agus ar seisean le na mac. " Céard é sin ar do ceann a Phlaidhce? " Cloigeann an asail a chur Seághan A Taidhg orm mar gheall ar a bheith a labhairt Gaedhilge sa mbaile arsa an mac. " Gabh i leith annseo leis an sean cnoblac sin arsa an gabha.Thug an mac an sean cloigeann dá athair agus leag an t-athair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Mac Concatha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Buíbheanach Mór, Co. na Gaillimhe