Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsear an droch-saoghal nuair a díbrigheadh cuid de na daoine as talamh, Gort-na-Gainimh, thug an Tighearna-talamh paiste beag talamh daobhtha ar bhruach an Eanaigh. Cuir na daoine seo botháin bheaga suas daobhtha fhéin, agus tar éis bliadhanta bhí seacht muirghin ann.Oidhche amháin agus na sean daoine ar cuart tigh Sean-Beartlí, dubhairt fear eicint " Cé'n t-ainm a baistsdhear ar an mbaile? " "Deamhan fhios agam arsa duine d'en chomhluadar.
Well arsa Sean-Bheartlí," Ó is baile beag briste é
Agus a tóin leis an uisge
Agus daoine gan tuisgint ann
Tugamuis Baile-na-Mónadh ar.Dfan an t-ainm "Baile-na-Mónadh " air ó shoin agus tá sé sin ceithre sgór deich mblidadhainta ó shoin.