Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanscéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sean Scéal
Fadó bhí beirt mná in a gcomnuidhe i Seanach, baile atá ar an dtaobh thiar- theas de baile glean an madadh. Bhí leanbh ag gach ceannaca agus bhí siad an-mhór le na céile. Lá amháin bhí ceann aca le dul go margadh glean na madadh agus d’fhág sí an páiste I detach an mná eile. Cuaidh sí go dtí an margadh agus thosaigh an bhean eile ag obair.
Leig sí na páistidhe amach ag súgradh. Bhí tobar in aice an tíghe agus nuair a bhí siad tamall beag imthigthe amach tháinig faithcíos ar an mháthair agus rith sí amach go dtí n tobar le feiceál a raibh siad ann. Bhí páiste an duine eile caithte san tobar ag a páiste fhéin ag féachaint síos uirthi.

Thóg an bhean a pháiste fhéin agus caith sí síos san tobar í ar fhaitchíos go mbeidh milleán uirthi. Bhí an beirt páistidhe báidhte annnsin agus tháinig sí isteach ag caoineadh agus ag (buaileadh) bualadh a bois le ceile. Suidh sí síos annsin agus bhí sí beagnach as a mheabhar. Shiubhal an beirt páistidhe isteach cuichi agus iad tirm. Deirtear gur

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máirtín Mac an Bháird
Inscne
fireann
Seoladh
An Paiste, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máire Nic Bháird
Inscne
baineann
Aois
68
Seoladh
An Paiste, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge