Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí fear eile in a chómhnuidhe a raibh mórán de maoin an t-saoghail aige, airgead agus óir agus chuile rud níor fearr na a chéile. In ionad asal, bhí capall breágh óg aige agus in ionad ceann tuighte bhí ceann slinnte ar a theach. Bhí an gabháltas talmhan do bhí aige níos mo is níos fearr ar cuile bhealach na do bhíagan londubh agus bhí a ghabhar níoss fearr is thug sí níos mo bainne na gabhar an fhir eile.D'aindheon sin is eile ní raibh sé sásta len a chuid maoin agus ó mhaidin go hoidhche bhí sé a'clabhsán is a'ceasacht. "Cráidhteachán" agus santachán críochnuighthe do bhí ann. Anois bhí púca in a chómhnuidhe acar gearr ó'n mbeirt fhear seo a choinghbhuigh súil in áirde ar beatha na beirte seo agus ag éirigh tuirseach is searbh den "Cráidhteachán" agus a chuid clabhsán thóg sé in a cheann é ceacht a múineadh dhó.Anois an phúca a bhí a'cuir suime sa "londubh" agus "an cráidhteachán" badh dhuine droichbheartach urchóideach ar fad é is cuir sé roimhe cun cúis gearáin ceart a thabhairt den "Cráidhteachán". An céad rud a rinne sé na an gabhar d'aibh suighadh ionnas nár féidir leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Maolciarán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe