Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanscéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann i bhfad ó shoin i gCondae na Gaillimhe agus 'sén maoin a bhí aige (is bhí sé bródhamhail asta) na gabhar, asal, roinnt cearca, teachín beag tuighte agus píosa beag talmhan sléibhteamhail. Ní raibh fear eile i gConndae na Gaillimhe níos sonasaigh na é mar bhí gabhar aige cun bainne a thabhairt do, bhi cearca aige, cun uibheacha a thabhairt do, thug an teachín fasgadh do agus fuair sé coirce agus prátaí as an píosa beag talmhan do bhí aige, ionnas go raibh a sháith le n-ith aige i gcómhnuidhe.

Bhí sé comh sásta seanmhar 's gur bháistiugh na chómharsana "An londubh" air mar leasainm, óir, cloistheá é ag gabháil amhráin agus ag feadghail ó bhreacadh an lae go dtí dul síos don gréin. Bíodh go bhfuair sé bris no go dtáinig an mí-ádh air cuir sé suas leis is níor bhac sé leis nó ní dearmaidh sé gearán na clabhsán ar rud ar bith a thug dia dó.
"Bíonn maitheas in gach rud a dtugann dia dúinn" a deireadh sé, agus bhi a shliocht sin air, cuir sé suas leis an mí-ádh ar nós an t-ádh. Anois, in aice leis an áit in a chómhnuigh "An Londubh"

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máirtín Mac an Bháird
Inscne
fireann
Seoladh
An Paiste, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Labhras Ó Maolciarán
Inscne
fireann
Seoladh
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge