Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanscéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fadó nuair a bhí Naomh Pádhraic in Éireann deirtear gur tháinig sé go Buidhe-Abhnach áit atá suidthe thoir-thuaidh de Co na Gaillimhe. Cuir sé teampull ar bun ann agus tar éis céad bliadhain no mar sin tháinig bráithre go dtí Buidhe-Abhnach agus cuir siad mainistir ar bun ann. Bhí duine in a mheasg agus bhí sé seafóideach. Bhí na bráithre go han mhór le na céile.

Lá amháin nuair a déirigh na bráithre do mhothuigh ceann aca go raibh a bhróga imthighthe. Do cuarthuigh siad gach áit acht ní raibh siad le fághail. Sa deire leag siad an milleán ar an duine seafóideach agus bhí sé in a gcruaidh-chás. Uaidh sin amach ní raibh na bráithre comh mór le céile agus bíodh siad ag troid go minic i dtaobh na bróige. Lá amháin nuair a bhí na bráithre ag ithe a mbreicfeasta bhí siad ag cainnt ar na mbrógaibh agus tháinig stráinséar isteach cucha agus d'iarr sé ortha cad é an fáth a bhí siad ag troid. D'innis siad do agus annsin shín sé a mhéar suas go dtí an maide - ceangail agus chonnaic siad na bhróga

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máirtín Mac an Bháird
Inscne
fireann
Seoladh
An Paiste, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Liam Mac an Bháird
Inscne
fireann
Seoladh
An Paiste, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge