Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin bhí fear as Coillte Fada in a codhladh agus tháinig neach go dtí an bhfuinneóg agus dubhbhairt sé a leis a dul go páirc a teampall go raibh póta óir curtha ann. Dubhairt sé leis fáinne a gearradh taobh theas den cloic atá lorg glún. Naomh Pádraig agus a bhean a tabhairt leis agus coinneal beannuighthe a bheadh lasta in a láimh aici san uair an t-aifreann Dea Dómhnaig. Chuaidh sé ann Dia Domhnaig agus thug sé a bhean leis. Fuair sé laighe agus gearr sé an fáinne. Chuaidh siad isteach sa bhfáinne agus bhí an coinneal beannuighthe lasta í láimh an mna. Thosaigh an fear agg romhar agus tar-éis tamaill táinig tarbh anuas ó chúl an reilg agus bhí sé ag géimnigh go feadháin. Rith an bhean amach as an bhfainne agus dhearc an fearr tarth timceall agus ní raibh an tarbh le feiceál agus agus bhí an poll dúnta agus rith an fear freisin. Bhí sé sa tarraigín go geobhad trí dearbhratair an t-ór nuair a bheadh siad ag déanamh claidhe ann agus ní bhfuair aon duine é go fóill.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Treasaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Labhrás Ó Ciaráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe