Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá grádh mór ag ár lión tighe d'ainmidhthí. Ar ár bfeilm beathuighimíd, capall, asal, bá, agus laoganna. Tugaimídh pollic ar an mbuin duibh agus peg ar an mbuin leath. Nuair a bhíonn mé ag tiomáint na mbhó deirim "How, How" agus nuair a bhíonn me ag glaodach ortha chun teacht abhaile deirim "Prig, Prig" - agus dona laoganna deirimid "Suc, Suc."
Tá ár dteach na mbhó aon troigh déag ar aon troig déag. Ar dhá thaoibh de teach na bó tá mainnséar ag síneadh o balla go balla. Don mainnséar no do cuaillí ceangailmid na mbhó le slabhraí iarainn. Istigh sa mainnséar cuirimid fear i gcóir na mbó. Nuair a ceangailmidh mhuilnéal na ba deirimid "go bfuil slabhraí uirthí." Acht nuair cuirimid ceangail ar cois na mbó deirimid "go bfuil crobhnasg uirthí. Tá crúidh chapaill ar crochad ar tairgní ós cionn an doraid istigh i dteach na mbó againn chun ádh a chur ar na buaibh.
Nuair a bhíonns an bhó bleaghtha cuirimif ár nordóig í gcubhar an bainne agus déanaimidh comartha na croise ar coróg na bó agus deirimid ar an noiméad ceadna - "Beannacht Dé ar an mBuin."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Ní Gríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bhreaclach, Co. na Gaillimhe