Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)

Suíomh:
An Baile Glas Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0016, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0016, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Cruain (C)
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Aire na gCos - Pisreoga”
  4. XML “Troithíní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad amach é chun iad a chosaint o'n na sidheóga.
    Nuair a nigheann duine a lamha í mbáisín uisge agus nuair a nigheann duine eile a cosa ins an uisge sin deirtear go mbeidh troid eadtorra.
    Bhíodh an tsean nós seo aca fadó - an t uisge in a nígheadh na daoine a gcosa ní caitheadh siad amach é oidhche dorca nó ní bhéadh uisge ar bith aca an oidhche i na dhiaidh sin lé na gcosaib a nígheadh. Dá dtagadh duine isteach taréis a gcosa a bheith níghte aca deireadh siad go mba é an duine sin a chuireadh an mí-ádh orra.
    Deirimid gur ceart an bróg deis a chur orrainn ar dtús. Nuair gheibheann na daoine bróga nuadha deireann siad go mbéadh se ceart iadh a caitheadh an céad uair cuig socraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. San am fadó chaitheadh na daoine troighthíní san Earrrach agus san samhradh. Stocaí do b'ead iad acht ní bhíodh nun ar bith orra acht an bárr dóibh. Uaireannta nuair gheibheadh na daoine stocaí nuadha. Ghearradh siad an bun díobh le troighthíní a dhéanamh asta. Ní raibh aon mhaith ionnta acht a geosa a chosaint on oighreach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge