Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe na Feilme

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Siad seo ainmneacha ainmhidhte na feilme, bó, capall, asal, caora, gabhar agus gamhain. Ní cuirtear aon ainmhidhthe aca seo isteach sa Samhraidh; acht cuireann chuile dhuine a bhfuil stábla aige isteach iad sa nGeimhreadh. Tugann na daoine deoch min-coirce dí. Ní tugtar aon uisce dí go dtí an lá ina dhiadh sin. Craithtear min-choirce ar an laogh nuair a beirtear é, agus baineann an bhó de é le na teangainn. Freisin fuiltear ar an laogh mar tá sé ráidhte mara bhfuilfidhe air i dtosach tairneóchaidh easóg a chuid fola. 'Sé an chaoi a bhfuiltear air sgor sceine a chur ina chluais, agus fuil a leigint. Sé an chaoi a nglaodhtar ar na gamhnaibh "Suc! Suc!" ar an gcapall agus ar an asal "Pró! Pró!". Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na caoirighíbh "Shabha! Shabha!" ar na gabhraibh "Beta!Beta!"
'siad seo éanlaith na feilme: an chearc, an lacha, agus an ghé. 'Sé an chaoi a nglaoifhtear at na cearcaibh "Tioc! Tioc!" 'Sé an chaoi a nglaoidhtear ar na lachanaibh "Feed! Feed!" ar na géadnaibh "Beadaigh! Beadaigh!"
Sé an chaoi a gcuirtear ál circe síos bosca agus tuighe ann ar dtús, agus caonach ar a bharr. Annsin cuirtear uibheacha ó's cionn an chaoinaigh agus an chearc ó's a chionn sin. Fágtar mar sin go dtí lá ar na bháireach í, leightear as an nead ar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mór Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Fátharta
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge