Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marc ar na huibheacha le go mbeadh fhios an mbeirfeadh cearc a bheadh ar gor aon ubh; agus dá mbéarfad ní bheadh aon ghor ar an gcirc, agus ní leigfeadh sí amach aon éan, mar d'éireóchadh sí dena h-uibheacaibh. Má bhíonn uibheacha géanna agus lachain fliuch is amhlaidh is fearr iad, acht má bhíonn uibheacha cearca fliuch ní tiochfaidh aon éan ortha. Nuair a bhíonn na h-éin cúpla seachtmhain amuigh glaodhtear sicíní ortha. 'Sé an chaoi a nglaodhtear chum bídh ortha Pioc! Pioc! Nuair a bhíonn na gabhair ag imtheacht as an áit a mbíonn siad ag na daoiníbh cuireann siad rópa timcheall ar muineálaibh dhá gabhar, agus cuireann siad ropa eile roinnt fada ó'n dhá rópa a bhíonn timcheall ar a muineálaibh agus glaodhtear broideach ar seo. Cuireann siad rópa ó chois tosaigh an ghabhair go dtí an cos deiridh. Glaodhtear buirín ar seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe