Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe na Feilme

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainmhidhthe na Feilme

Siad na h-ainmhidhthe feilme atá againn san mbaile bó, gamhain, gabhar, caora, capall agus asal.
Ní bhíonn aon bhó istigh sa Samhradh, acht bíonn corr-bhó istigh san oídhche san nGeimhreadh. 'Sé an t-ainm a bhíonn ar an teach a mbíonn an bhó ann stábla. Séard a deireann fear nuair a bhíonn bó agus gamhain dhá dtiomáint aige "Feoch! Feoch!" Sé an chaoi a nglaodhtar cum bídh Suc! Suc! Nuair a bhíonn an bhó blíghte ag na daoiníbh cuireann siad comhartha na croise ar thaobh deas na bó leis an mbainne. Nuair a blíghtear an bainne buidhe de'n bhó taréis an laoigh do bhreith tugtar roinnt de do'n bhó i-n-aghaidh an fhiabhrais. Tugann na daoine roinnt eile de'n bhainne sin do'n laogh. Taréis an laogh do bhreith creathann na daoine min-choirce timcheall ar an laogh. Sé an deoch a gheibheann an bhó min-choirce, agus salann, agus uisce the

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Chonghaile
Inscne
baineann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge