Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lá'l Bríghde: Fadó bhíodh daoine bochta ag imtheacht la'l Bhrighde aguscrios Bhrighde aca. Bhíodh sí déanta d'fhéar tirm. Bhíodh babóg aca freisin, agus í gléasta. Bhíodh na babóga ag na cailíníbh, agus an chrios ag na buachaillíbh. Nuair a thagaidí théigheadh muinntir an tíghe amach tríd an gcrios trí uair, agus déanfadh na daoine a bheadh dhá iomchar, "Crios Bhrighde mo chrios, crios na cheithre gcros, má's fearr atá sibh anocht go mba seacht fearr a bheidh sibh bliadhain ó anocht." Tugtaoi déirce dóibh annsin.
Aoine an Chéasta: Deirtear aon síol a chuirfear Aoin an Chéasta nach loicfidh sé.
Domhnach Cásca: Fadó ní thugadh daoine splanc ná bainne uatha Domnach Cásca.
Lá BEaltaine: Bhíodh daoine eile ag iarraidh an ghrian a fheiceál ag damhrughadh, agus daoine eile ag iarraidh an bhó a bheith blighte aca sul ma d'éireochadh an ghrian lá bealtaine.
Lá'l tSin Seain: Bíonn teine cnámha i-n gach baile lá'l tSin Seain, agus bíonn ceól agus

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní Bhriain
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bean Shéamais Uí Fhátharta
Gaol
seantuismitheoir
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge