Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 266

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 266

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 266
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amach trí uaire faoi an súgáb tuighe. Bhí gnás ag na daoiníbh iasc beo ar bith a thiubhairt isteach san teach lá'l bhríghde go mór mhór iascaire mar déarfaidís go mbeadh adh iasc ar dhuine.
    Lá'l Pádriag: Ba é gnás na ndaoine do bheith ag ól uisce beatha agus ag déanamh spóirt i-n onóir an lae sin. Bíonn na gasúr ag bualadh caisil an lá sin.
    An Carghas: Ní phósann aoinne san gCarghas, is bíonn na daoine ag dul chun faoisdín is cumaoine chomh minic is féidir leo, agus bíonn siad ag déanamh Toruis na Croise freisin.
    Céadaoin na luaithridh: Téigheann na daoine ag an Aifrionn agus cuirtear ab chrois chéasta ar a mbathairibh le luaithearmhain. Ní óltar bainne, ná ní íostar uibheacha ná feoil an lá sin.
    Aoine an Chéasta: Níl sé ceart bainne a ól agus téightear ag teach an phobail ag déanamh turais na croise i-n éinfeacht leis an sagart.
    Domhnach Cásca: Bíonn na daoine ag ithe neart ubh agus chuile chórt dhá bhféadfaidís, agus déantar éadaigh nuadha le h-aghaidh an lae sin. Is sean-fhocal é, "biadh agus deoch na Nodlag is éadach nuadh na Cásca!.
    Luan Cingire: Ní gnáthach leis na daoine a bheith ag déanamh aon oibre an lá sin agus ní bheartar aon ghruag san gCingis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairtle Ó hIarnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe