Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 263
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)os cnuic i bhfad uainn. Ní chreideann aon duine fear na mbréag. Dhá thriain do'n obair is cad an máighistir shárughadh. Ní féidir olann a shníomh gan beala. Níor bhris focal maith fiacal ariamh. Is fearr rith maith na droch-sheasamh. Níor chaill fear na misnigh riamh é. Inneach Uí Bhriain is a dhá shuil ina dhiadh. Rud is annamh is iongantach. Ní fhéadfaidh do builín a bheith agat is é ithe. Ma bhíonn builín agat gheóbhaidh tú scian le é ghearradh. Ní buidhe ón ngréin thú, ach is buidhe ó'n bhréim thú. Má's peaca a bheith buidhe beidh na mílte damanta. an rud a théigheannas ibhfad téigheann sé i righineadas. Mo ghrádh thú, a mhic, is stocaí. Do máthar ort. Ní raibh ann nach na bpáthair is d'imigh na bróga. Báidhtear lán luinge mar gheall ar aon dhuine amháin. Níl grád dá mhéid na dtagann fuath dá réir. Ní hiad na fir mhóra a bhaineas an Fóghmhár uilig. Briseann an dúthchais tre shúilíbh an chait. Is forasta fuinneamh inaice na mine. Is goire cabhair sé ná an doras. Mealltar daoine a bhíonns glic go leór. Is minic ciuin cionntach. seaschain na mná is an t-ól is cuir deire go deo leis an achain. airgead na h-oinnrighe a chuireas bróga ar bhean an phíobaire is onáraighe poll ná píosa. Is fearr éan i do láimh ná dhá éan ar an gcraoibh. Is fearr go deireannach ná go bráth. Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dioráin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe