Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair is baoghal do'n cailleach caithfidh sí rith. Dhá fhad é an lá tagann an oidhche. Is fearr leath buillín aráin ná a bheith gan aráin. An té a shanntuightear go leór cailleann sé an t-iomlan. Is fearr sean-fiacha na sean-eallaigh. Ní fhágann dorn dúnta acht lán lámh-iad-tha. Ní mhaireann rith maith do'n each i gcomhnuidhe. Ní igcomhnuidhe a marbhuigheann páidín iasc. Sean bhaen is ciall aice rud nach raibh ariamh aice. Leannan bhó a dtugtar Cailín ag Mór is Mór ag iarraidh déirce. Dearbhráthair go Thadg Domhnall. Ná caith an t-uisce salach amach go mbeadh an t-uisce glan istigh. cruinnigh an féar an fhaid is bhéas ab ghrian shuas. Mhair a chapaill is gheobhadh tú féar. Ní mhairfidh do mháthair i gcomhnuidhe. Bíonn an sonas indiadh na spaoilcachta. Is maith an capall a thairnigheas a charr féin. fear gan bean níl sé i bfús ná thall. An té a chuireas suas dhá "Match" uair nó dhó ní bhfuighidh sé ann é. Is fearr dreóilín sa dorn ná corr ar a cháirde. Is glad iad na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Sorcha Ní Dhioráin
Inscne
baineann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seosamh Ó Dioráin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge