School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 259
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tabhairt tamall do'n ghrádh. Níl san saoghal seo acht ceo agus ní mhaireann an ceo acht seal. Ní bun sioc soillreach na maidne acht an feadh tamaill bíonn sé geal. Is fearr duit an mada gearr leat ná in t-aghaidh. Ina dhiadh a chídheanns an t-Éirreannach a leas. Ma's cam díreach é an bóthar sé an príomh-bóthar an áit-ghiorra. Níor dubhairt luighe fada bréag ariamh. Is fiú an droch-dhuine a sheachaint. Caitar na daoine dá chéile, acht ní castar na cnuic. Tagann an cáirde acht ni mhaithtear na fiacha. Is leór duinn lochtaí féin. Níl aon chuimhne ar an arán atá ithe. Leannan bó a dúthchais. Ní théigheann cuilleóg san mbéal a bhíonns dúnta. Is iomda cor san saoghal. Is iomda leanbh maith baineadh as a cleabhtadh ariamh. Inneach Uí Bhrian agus an dá láimh ina dhiadh. Is maith an nídh í an aimsear agus is iomda lá í mbliadháin is fiche. Nuair is truaigh do'n chailleach sead caithfidh sí rith. Is fearr an tsláinte ná na dáinte is na ór an Ríog. Má's áil leis an Ríog a mhicín is áil leis an gcut a puisrín. Tapuigh an t-iarann nuair a bhéas sé te. coinnigh an cnámh agus leanfadh an madadh tú. Is fearr éan indo láimh na dhá éan ar an gcraobh. Is maith í an fhóighidhacht is done í an fhaillighe. Ní bhfuigheann minic onóir. Is frusta(continues on next page)
- Collector
- Mór Ní Fhátharta
- Gender
- Female
- Address
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Séan Ó Fátharta
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe