Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocla

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 258

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

- Bíonn ceann caol ar an óige.
- Dhá fhaid é an lá tagann an tráthnóna.
- Buadhairt gan leigheas fooghid is fearr dó.
- Ní chuile lá a mharbhuigheann Páidín breach.
- Cailín ag Mór agus Mór ag iarraidhe déirce.
- Is maith an capall a tharraingeann a charr féin.
- Ní neart gan cur le chéile.
- Mol an óige agus tiocfaidh sí, cáin í agus clífidh sí.
- Is frusta fuiliu ar cheann carrach.
- Is réimse fuil ná uisce.
-Is fearr cara sa gcúirt ná punt san sparán.
- Dealg láimhe nó focal amadáin.
- Ní chaithtear an t-ubhar gan buaidhreadh a bheith thrid.
- Ceann cíorta a dhíolas na cosa.
- Ní ar leath-chois a tháinig Pádhraig go hÉirinn.
- Cuairt ghairid do thíg do charad, acht gan í a dhéanamh acht go h-annamh.
- Is fearr beagán conghanta ná mórán truaighe.
- Cuairt ghearr agus imeacht buidheach.
- An rud is annam is iongantach.
- Fear is láidre na Dia a chuirfeadh fad siar ar a theach.
- Rud a ghoilleanas ar an gcroidhe silleann an tsúil leis.
- An rud nach gcloiseann an chluais ní ghoilleann sé ar an gcroidhe.
- An té nach gcleachtann an mharcaigheacht dearmadann sé na spuir.
- An rud is doiligh le duine b'fhéidir gur b'é a leas é.
- Céard a dhéanfadh mac an chuit acht luch a mharbhughadh.
- Ag dul siar is aniar is a' baint sciall de'n lá ag tabhairt tamaill don bhfuath agus ag

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mór Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séan Ó Fátharta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge