Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Na prátaí
Seo é an chaoi a g-cuirtear an síol fataí i-n-Árainn: cuirtear feamain nó aoileach mar leasughadh ar an talamh faoi Shamhain. Tugtar sean-leasughadh air seo. Insan Earrach leagtar amach iomairí timcheall trí troigh ar leithead. Cuirtear feamain nó aoileach arís air mar aith-leasughadh. Leagtar an síol ar an leasughadh agus cuirtear fód ó's cionn an t-síl le ramhainníbh. As Gaillimh a thagas na láighí a cheannuigheas muinntir na h-áite seo. Cabhruigheann na comharsana le chéile ag cur agus ag baint na bhfataí. Nuair a bhíonns na fataí tuairim's cúig nó sé de sheachtainíbh curtha cuirtear aithchré leo arís. Nuair a bhíonn na fataí ag fás agus an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Caitlín Ní Chonghaile
Inscne
baineann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge