Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Luibheanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 251

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá luibheanna ar a dtugtar deoradán. Tá na deoradáin go dona i bfhéar a bhíonns timcheall ortha ní féidir leis na beithidhighíbh é a ithe. Tá luibh eile ag fás san talamh ar a dtugtar an meacan. Ta sé go dona in aon áit, mar dhá n-íotfadh aon ainmhidhe é d'atfadh sé agus chaillfidhe é. Acht is caoirigh is mó a ithcanns é. Tá bun raithnighe fiadháine ma leigheas ag duine a bheadh péistí air. Tá luibh ann ar a dtugtar an cneamh. Tá sé go dona ináit a bheadh bó bhainne. Dhá n-íofadh an bó é bheadh blas gránda ar a cuid bainne. Deirtear go bhfuil cneamh go maith ar mí-fhollántas le é a chur ar bhainne te.

Bailitheoir
Mór Ní Fátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Fátharta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge